Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2026-02-25 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas le gach Seanadóir a ghlac páirt sa díospóireacht seo, go háirithe na Seanadóirí nach bhfuil Gaeilge acu. Glacann sé misneach seasamh anseo chun an Ghaeilge a úsáid. Senator Cosgrove's Irish is excellent. She should use it more. Má bhí fáinne ag an Seanadóir Craughwell sna seascaidí, tá Gaeilge líofa aige. I mo scéal féin, rinne mé Gaeilge go dtí an ardteist agus níor bhain mé úsáid as focal Gaeilge ó m'ardteist go dtí gur toghadh mé go dtí an Dáil - le haghaidh 16 bliain. Le cuidiú ó na hiriseoirí Gaeilge a bhí ann ag an am, sin an fáth ar thosaigh mé ag úsáid na Gaeilge a bhí agam. Tá Gaeilge ag gach duine sa tír seo. B'fhéidir go bhfuil sé deep sa chliabh ach tá sé ag gach duine. Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine cosúil leis an Seanadóir Cosgrove in ann í a úsáid, go bhfuil an misneach acu í a úsáid ar dtús. Nuair a bhaineann tú úsáid as, tá sé cosúil le rothaíocht nó tiomáint - the more you use it, the more confident you will get. If you do not use it, you will lose it. Gabhaim buíochas le gach duine. Faoi chúrsaí tithíochta, tá tithíocht faoi chúram an Aire tithíochta, ach táim ag obair go dian ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Táimid tar éis cúpla cruinniú a fháil leis an údarás, le príomhfheidhmeannach an údaráis, chun scrúdú an talamh atá aige, go háirithe mar a bhí luaite ag an Seanadóir Kyne, cén sórt seirbhísí atá ar an talamh seo agus cúrsaí séarachais. Beidh cruinniú ag Uisce Éireann agus an údarás. Tá an t-údarás tar éis airgead a thabhairt chun oifigí nua a chur ann agus cóiríocht a dhéanamh ar thithe folmha sna ceantair Ghaeltachta. Tá a lán ann, ach níl na figiúirí sin againn. Tá an post sin bunaithe i gContae Mhaigh Eo, so beidh sé iontach. Léiríonn sé go bhfuilimid ag díriú isteach. Níl na figiúirí agam faoi na deontais go mbaineann muintir na Gaeltachta úsáid astu le haghaidh tithe folmha agus tithe a chur ar ais, ach tá siad láidir. Tá mé tar éis trí meetings a bheith agam leis an bpríomhfheidhmeannach sna húdaráis áitiúla atá i gceannas ar chúrsaí pleanála. Tuigim go gcaithfimid an ráiteas a fháil, agus táim ag cur brú ar an Aire faoi sin, ach táim ag díriú isteach ar chúrsaí tithíochta. Táim ag súil go mbeidh daoine ag seasamh le haghaidh na n-athruithe atá an tAire, an Teachta Browne, á dhéanamh go dtí na short-term lettings. Má tá tú ag iarraidh níos mó tithe sa Ghaeltacht, beidh tú ag seasamh leis an mBille sin. Bhí an méid a leag an Seanadóir Ní Chuilinn amach maidir le cúrsaí oideachais thar a bheith suimiúil. Déanaim comhghairdeas léi ar an gclár ina raibh sí, anseo i dTeach Laighean, ar TG4 oíche Déardaoin. Léiríonn sé na dúshláin atá ann, agus táim chun iad a phlé leis an Aire oideachais. Freisin, táimid tar éis foghrúpa a bhunú faoin bplean gníomhaíochta chun leagan amach agus oibriú amach cén chaoi a mbeimid in ann na spriocanna a fháil, mar a dúirt sí agus an Seanadóir Mullen, chun innealtóirí agus a leithéid a fháil. Ba cheart go mbeadh Gaeilgeoirí i mo Roinn Coimirce Sóisialaí, ní hamháin daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ach ionas go mbeidh Gaeilgeoirí in ann seirbhísí Gaeilge a úsáid agus iad ag déileáil leis an Roinn Choimirce Sóisialaí. Tá foghrúpa le bunú faoi chúrsaí oideachais. Mar a dúirt mé, b'fhéidir go mbeimid in ann microcourses a dhéanamh nó rud mar sin in éineacht leis na cúrsaí eile chun go mbeidh Gaeilge ag daoine. Chuir an Seanadóir Mullen ceist orm faoinár nUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá le teacht. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na hUachtaránachta sin. Tá sé sin leagtha amach ag an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, iarAire Stáit na Gaeltachta, atá i gceannas ar an Uachtaránacht, ní hamháin le haghaidh chúrsaí Gaeilge agus cruinnithe Gaeilge, ach gach cruinniú. Tá sé leagtha amach ag an Aire Stáit, an Teachta Byrne. Ó thaobh chúrsaí airgeadais, táimid tar éis am a chaitheamh inniu agus oíche aréir ag an gcoiste Gaeltachta agus mé ag plé na Estimates. Tá ardú 30% le haghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo. Dá mbeadh ardú 30% ag aon rannóg nó Roinn eile, bheadh ionadh ar dhaoine. Níl sé sin ach tús. Táim dírithe ar sin. Caithfimid infheistíocht eile agus breise a chur go dtí an Ghaeilge mar gheall ar an neart agus an fuinneamh atá ag an nGaeilge ag an bpointe seo. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir faoi Raidió Rí-Rá. Tá Raidió na Gaeltachta ag déanamh an-jab freisin. Tá sé tábhachtach go leagfaimid amach é. Tá mo chomhghleacaí Rialtais, an tAire, an Teachta O'Donovan, tar éis airgead breise - €5 milliún bhreise - a thabhairt go dtí TG4 chun go mbeidh sé in ann seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú. Tá sé sin tábhachtach. Caithfimid infheistíocht bhreise a chur go dtí Raidió na Gaeltachta. Le hinfheistíocht bhreise i gcomhair chúrsaí pleanála teanga, tá €3 milliún bhreise le caitheamh ar chúrsaí phleanála teanga le haghaidh na bliana seo. Tá mé chun cuidiú le hoifigigh phleanála teanga ó gach cuid den tír an Luan seo chugainn, chun an t-athbhreithniú a d'fhoilsigh muid i mí Eanáir a phlé, agus na dúshláin atá ag oifigigh phleanála teanga a phlé freisin. Leag cúpla Seanadóir é sin amach. Gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí Gaeilge a liostáil an Seanadóir Tully. Bhí a lán daoine ag caint faoi Chonradh na Gaeilge. Bhí cruinniú iontach againn leis na príomheagraíochtaí Gaeilge an tseachtain seo caite. An t-am seo anuraidh bhí fadhb mhór le Foras na Gaeilge agus an t-airgead a bhí ag teacht uaidh go dtí na heagraíochtaí Gaeilge. Bhí stailc ann. Tá an fhadhb sin réitithe ach thóg sé an-chuid ama mar gheall go bhfuil Foras na Gaeilge bunaithe faoi theorainneacha Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá réiteach tagtha anois agus táimid in ann a lán airgid bhreise a thabhairt do na heagraíochtaí Gaeilge chun tacú leis an obair atá siad ag déanamh i ngach chúinne den tír agus le gach duine sa tír. Tá deiseanna iontach ann. Tá spriocanna agus neart iontach ag an nGaeilge. Tá dúshláin ann gan dabht agus tá mé dírithe ar na dúshláin sin, go háirithe i gcúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála teanga. Ach tá sé tábhachtach go gcuideoimid le daoine Gaeilge a úsáid agus go bhfuil, mar a dúirt mé, Seachtain na Gaeilge anseo sa Teach gach seachtain. Deirtear gach Nollaig "A puppy is not just for Christmas, it is for life". Níl Ghaeilge ann do Sheachtain na Gaeilge nó do mhí na Gaeilge; tá sí ann gach lá. I will say this in English. Irish should be used in this House and in the other House every single day, not just for the two weeks of Seachtain na Gaeilge le go mbeidh daoine in ann í a fheiceáil á húsáid sa pharlaimint náisiúnta, san Oireachtas. Má tá daoine in ann Gaeilge a úsáid agus a fheiceáil go bhfuil Gaeilge á húsáid, beidh i bhfad níos mó daoine á húsáid. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí ar fad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-02-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:41+00:00 Sitting date: 2026-02-25