Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2026-03-04 ============================================================ Shónagh Ní Raghallaigh (SF), Kildare South Families in south Kildare are already feeling the effects of the illegal war of the US and Israel against Iran in their pockets. Táimid ag feiceáil cheana féin na héifeachtaí boilscithe de bharr chogadh mídhleathach na Stát Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine. Tá teaghlaigh i gCill Dara ag aireachtáil an bhrú seo ina bpócaí. Cuireadh ar an eolas mé aréir gur mhéadaigh comhlacht amháin atá lonnaithe i gCill Dara Theas a bpraghas ar líonadh ola faoi €200 thar oíche. Níl aon cheist faoi ach gur praghasfheannadh atá anseo. This is price-gouging, pure and simple. Tá teaghlaigh ag streachailt is muid i lár ghéarchéim chostas maireachtála. Is é ardú mar seo an difríocht idir an teach a théamh nó gan é a théamh. An féidir leis an Taoiseach a insint dom cad a dhéanfaidh a Rialtas chun srian a chur ar na comhlachtaí atá ag déanamh brabúis agus gnáth-theaghlaigh thíos leis? An ndéanfaidh sé athchinneadh ar ardú i gcánacha carbónacha a d’fhágfadh go mbeidh sé níos daora fós do dhaoine a thithe a théamh an bhliain amach romhainn? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:43+00:00 Sitting date: 2026-03-04