Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2026-03-04 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Mar a dúirt mé cheana inniu, bhuail an tAire, an Teachta O'Brien, leis na comhlachtaí cheana. Mar aon leis sin, tá an CRU ag déanamh fiosraithe ar an margadh faoi láthair agus go háirithe na praghsanna wholesale go dtí retail. Tá sé sin faoi chaibidil ag an CRU ag an mbabhta seo. Mar aon leis sin, tá an tAire, an Teachta Peter Burke, ag déileáil leis an scéal chomh maith leis na húdaráis a bhaineann le comórtas - the competition authority - chun iad sin a shoiléiriú i dtaobh cad atá ar siúl ag na comhlachtaí éagsúla. Ní cóir d'aon chomhlacht buntáiste a bhaint as an ngéarchéim seo. Is léir go bhfuil roinnt acu á dhéanamh. Beimid sásta aon rud is féidir linn a dhéanamh a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-04/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:43+00:00 Sitting date: 2026-03-04