Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá súil agam go mbeidh Bille Údarás na Gaeltachta ag teacht chugainn ar Chéim an Tuarascála gan mhoill mar tá obair fós le déanamh ar an mBille sin le cinntiú go mbeidh, ó thaobh an róil a luadh maidir le tithíocht, ról ceart ag an údarás amach anseo maidir leis na suíomhanna atá aige ach chomh maith leis sin ó thaobh chuir chuige. Tá ról ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga, ní díreach tionsclaíocht. Déanann daoine dearmad go minic ar an ról lárnach sin atá aige. Ní gá an talamh atá ag an údarás a dhíol le AHB; s féidir leis an údarás an talamh sin a ligean ar léas. Luaigh an tAire cruinniú le hUisce Éireann le déanaí. Mar chuid de róil Údarás na Gaeltachta, tá suíomhanna aige. Tá tionsclaíocht ar chuid de na suíomhanna sin ach d’fhéadfadh an chuid eile de na suíomhanna a bheith ina n-eastáit thithíochta dá mbeadh cead aige, nó ag dream éigin eile, an córas séarachais atá aige don eastát tionsclaíochta a úsáid do thithíocht chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26