Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Aontaím leis an Teachta. Tá an obair sin ar siúl. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach an údaráis. Tá liosta déanta agus tá muid ag déanamh oibre ar an liosta sin faoi shuíomhanna cosúil leis sin. Níl sé chomh éasca sin, áfach. I roinnt de na suíomhanna sin, tá cúrsaí séarachais agus uisce réasúnta láidir, ach níl aon seirbhísí i suíomhanna eile. Maidir le ceadúnais pleanála sa Ghaeltacht, i mbliana, bhí 53 teach nua ceadaithe as 62 iarratas i nGaeltacht na Gaillimhe. I nGaeltacht Mhaigh Eo, sa bhliain seo, bhí 25 iarratas agus gan aon teach diúltaithe. I nGaeltacht Phort Láirge, i nDáilcheantar an Teachta McGuinness, níor diúltaíodh aon cheann as trí iarratas go fóill. Anuraidh, bhí 25 iarratas ceadaithe sa Ghaeltacht sinn agus diúltaíodh dhá iarratas. Tá a lán oibre ar siúl. Tá daoine ag iarraidh a rá nach bhfuil aon rud ag tarlú ach tá a lán rudaí ag tarlú. Ag féachaint ar na deontais le haghaidh na dtithe folmha, tá rudaí ar siúl ansin freisin. Tá obair le déanamh againn leis an údarás agus tá muid ag déanamh na hoibre sin sula dtiocfaidh an Bille os comhair na Dála, rud a tharlóidh roimh an samhradh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26