Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Níl mé ag rá nach bhfuil aon rud ag tarlú. Aithním go bhfuil nithe ag tarlú. Tá siad ag tarlú i gceantair ar leith ar luas rómhall, áfach. Caithfidh muid straitéis a bheith againn sna háiteanna ina bhfuil na scoileanna i mbaol de bharr easpa páistí. Má aithníonn muid é sin anois, is cóir go mbeidh straitéis ann. Níl de dhíth ach dhá nó trí theach le teaghlaigh iontu chun scoileanna a choimeád oscailte i roinnt de na ceantair seo. Ní mór dúinn dul isteach agus féachaint ar líon na suíomhanna atá ann agus, mar a dúirt an tAire, líon na dtithe atá tréigthe agus iad a chur ar ais in úsáid. Muna bhfuil straitéis ann, fágfar é seo. Beidh na háiteanna seo tréigthe. Beidh na scoileanna agus na clubanna CLG dúnta dá réir de dheasca nach bhfuil aon dream ag teacht isteach. Tá tithe samhraidh sna ceantair seo, agus bíonn siad ar díol. Ba chóir go mbeadh straitéis ag an gcomhairle, ag an Stát nó ag Údarás na Gaeltachta na tithe seo a cheannach lena gcur ar an liosta tithe sóisialta nó inacmhainne le ligin do theaghlaigh bogadh isteach sna ceantair sin. Ní hamháin go bhfuil gá le tithe nua a sholáthar agus na cinn atá tréigthe a chur ar ais in úsáid, ach ní mór dúinn na tithe samhraidh atá ar díol faoi láthair a aistriú ina dtithe teaghlaigh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26