Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá muid go léir le chéile air seo. Is é sin an fáth nach ndeachaigh muid i gcoinne an rúin mar tá sé tábhachtach go bhfuil guth láidir sa Dáil seo faoi thithíocht sa Ghaeltacht. Tá muid ag oibriú uirthi. Tá a lán freagraí ann, agus tá sé sin tábhachtach. Bhí cruinnithe agam leis na príomhfheidhmeannaigh sna húdaráis áitiúla. Chuir mé brú orthu agus chuir mé an scéal seo os a gcomhair leis na sonraí sin a fháil. Déanfaidh mé obair eile maidir leis na sonraí atá leagtha amach ag an Teachta Ó Snodaigh faoi na scoileanna atá faoi bhrú sna ceantair Ghaeltachta. Déanfaidh muid staidéar air sin le feiceáil má tá suíomh in aice láimhe ina mbeidh muid in ann rudaí a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an infreastruchtúr sin iontu, lena n-áirítear infreastruchtúr oideachais, spóirt agus saoil do dhaoine sa Ghaeltacht. Tá muid, mar Rialtas, tar éis infheistíocht mhór a chur i scoileanna. Tá muid dírithe air seo. Beidh muid i dteagmháil leis an gcoiste tar éis na Cásca mar caithfidh muid na cáilíochtaí a ligfeadh do dhuine teach a thógáil sa Ghaeltacht a phlé. Ní mór dúinn na caighdeáin teanga agus cúrsaí mar sin a phlé. Tá muid ag súil leis sin a phlé leis an gcoiste. Tá muid ag oibriú air seo. Tá muid ag oibriú go díreach agus tá mé ag cur an-bhrú ar mo chomhghleacaithe Airí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26