Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Níl a fhios agam an féidir i ndáiríre labhairt faoi ardú de 45% ó 2022 i leith nuair atá ardú de €1.50 i gceist ón mbliain seo caite go dtí an bhliain seo. Tá a fhios againn go bhfuil mná tí ag streachailt cheana féin agus go bhfuil éileamh ollmhór ar na coláistí samhraidh seo. Díoladh na spásanna sna coláistí samhraidh i dtréimhse de dhá nóiméad mar gheall go raibh an t-éileamh chomh mór sin. Muna bhfuil maoiniú ceart ann do mhná tí, ní bheimid in ann daoine a mhealladh chun é sin a dhéanamh. Mar gheall air sin, ní bheimid in ann an t-éileamh sin a shásamh. Is é sin an rud atá i gceist leis seo. Ba chóir dúinn an maoiniú atá ag teastáil ó mhná tí a chur ar fáil. Tuigim nach bhfuil an tAire in ann na cinntí seo a dhéanamh go díreach agus go gcaithfidh sé an maoiniú sin a fháil ach, má táimid dáiríre faoin sprioc 20%, beidh ar na daoine sin dul chuig coláistí samhraidh. Beidh an t-éileamh ag éirí. Teastaíonn níos mó maoinithe anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26