Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá sé soiléir ón ardú a bhí ann anuraidh go bhfuilimid dáiríre faoi seo. Táimid dáiríre faoin 29,000 scoláire agus beagnach 530 teaghlach Gaeilge a aithint. Táimid ag obair leis na mná tí agus leis na coláistí. Anuraidh, d'fhógair mé scéim aonuaire do theaghlaigh sheanbhunaithe chun tacú tuilleadh leis an gcostas chun troscán nua a cheannach. Is deontas suas le €2,000, nó 80% den chostas, a bhí i gceist leis sin. Fuair níos mó ná 200 teaghlach an tacaíocht seo. Is slí eile é sin ina bhfuilimid ag cuidiú. Táimid ag staidéar le haghaidh na bliana seo. Mar a dúirt an Teachta, tá suim mhór sna coláistí samhraidh. Táimid ag ceapadh go mbeidh 29,000 scoláire ag dul chucu i mbliana. Táimid ag staidéar é sin. Táimid ag obair le CONCOS. Tuigim go mór an brú costais atá orainn. Táim an-dírithe ar an taithí sin a chosaint. Is taithí an-tábhachtach é do scoláirí dul go dtí an Ghaeltacht agus a bheith ina gcónaí inti. Táim ag obair chun an taithí sin a chosaint agus a fhorbairt. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26