Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Impím ar an Aire staidéar géar a dhéanamh ar an gceist seo. In iarthar na hÉireann, tá formhór na ndaoine ag brath ar ola. Tá a fhios againn cé chomh daor is atá ola anois mar gheall ar an gcogadh san Iaráin. Tá na praghsanna sin ag ardú agus tá sé sin ag cur tuilleadh brú ar mhná tí, a bhí ag rá cheana féin go raibh níos mó airgid ag teastáil. Chomh maith leis sin, tá orthu brath ar pheitreal agus ar dhíosal chun taisteal ó áit go háit, rud eile a chuireann brú ar mhná tí. Impím ar an Aire breathnú air seo go géar. Impím ar an Rialtas ar fad breathnú air seo. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire cé chomh tábhachtach is atá mná tí ach táim buartha nach bhfuil an tuiscint chéanna ag daoine eile ar bhord an Rialtais faoi cé chomh tábhachtach is atá sé na daoine seo agus an tslí bheatha seo a chosaint má táimid dáiríre faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht. Impím ar an Aire labhairt leis na daoine eile ar bhord an Rialtais ionas go dtuigfidh siad cé chomh tábhachtach is atá sé seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26