Scéimeanna Tacaíochta Dail Éireann — 2026-03-26 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá tuiscint ag gach cuid den Rialtas ar cé chomh tábhachtach is atá an taithí seo agus cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeltacht. Tá an t-ádh linn go bhfuil an tAire caiteachais phoiblí ina iarAire Stáit sa Roinn seo. Tuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá sé. Bhí sé sin an-tábhachtach agus muid ag iarraidh buiséad na Roinne a ardú. Ní fiú ardú mór sa bhuiséad muna bhfuil sé á chaitheamh ar an nGaeltacht. Tá sé ar intinn agam é a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh, go háirithe sa saghas taithí is fearr, is é sin taithí shaoil sa Ghaeltacht le teaghlach Gaeltachta le haghaidh dhá nó trí seachtaine. Beidh mé ag obair le CONCOS ar an infheistíocht sin agus ar an scéim sin a chosaint. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-03-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:47+00:00 Sitting date: 2026-03-26