Post European Council Meeting: Statements Dail Éireann — 2026-04-22 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as a gcuid ráiteas agus ceisteanna. Tapóidh mé an deis seo le labhairt go gairid faoi mhíreanna eile ar chlár gnó Chomhairle Eorpach Mhí an Mhárta, lena n-airítear slándáil agus cosaint na hEorpa, imirce, cruinniú mullaigh an euro, sciath don daonlathas agus cosaint leanaí ar líne. Tháinig ceannairí le chéile i gcruinniú mullaigh an euro chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais reatha agus tionchar na coinbhleachta leanúnaí sa Mheánoirthear agus i Murascaill na Peirse á chur san áireamh. I measc daoine eile, chuir Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, agus uachtarán an ghrúpa euro, Kyriakos Pierrakakis, leis an bplé. Ina ráiteas, chuir Kyriakos Pierrakakis béim láidir ar an ngá atá le comhoibriú idirnáisiúnta ollmhór chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime eacnamaíoch agus ar an tábhacht a bhaineann leis an obair leanúnach a dhéantar chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a chur chun cinn. Tharraing Kyriakos Pierrakakis aird ar iarrachtaí an ghrúpa euro chun córas airgeadais na hEorpa a ullmhú don ré dhigiteach, ar a ról comhordaithe chun inbhuanaitheacht fhioscach a chinntiú agus an grúpa ag tacú le tosaíochtaí straitéiseacha agus ar a obair lárnach chun iomaíochas agus acmhainneacht a neartú. D'iarr ceannairí ar an ngrúpa euro monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais agus cur leis an díospóireacht faoin éagothroime ar fud an domhain. Chuir lucht an chruinnithe mullaigh fáilte roimh ghlacadh rathúil an euro sa Bhulgáir ón 1 Eanáir 2026 i leith chomh maith. Tá an tAontas Eorpach ag gníomhú le níos mó cinnteachta, uaillmhéine agus luais chun dul i ngleic leis na bagairtí atá romhainn go léir, rud a bhí le feiceáil go soiléir le linn na sraithe cibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha a rinneadh le déanaí, chomh maith le hionraí naimhdeacha in aerspás de chuid bhallstáit an Aontais. Ag Comhairle Eorpach Mhí an Mhárta, lean ceannairí ar aghaidh lena ndíospóireachtaí faoi ullmhacht na hEorpa ó thaobh cosanta de. Chuir siad fáilte mhór roimh an moladh leagan nua de straitéis slándála na hEorpa a fhorbairt agus d'áitigh siad gur cheart go mbeadh na Ballstáit féin i gceannas ar an bpróiseas. Chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an iliomad bagairtí atá romhainn go léir mar phobal, ní mór cur chuige ilghnéitheach agus caolchúiseach a chur i bhfeidhm ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an Aontais. Glacfaidh Éire le cur chuige fiúntach agus dearfach i leith fhorbairt na straitéise nuaí. Ní mór go mbeadh Éire páirteach sa phróiseas seo toisc gur cuid den Aontas Eorpach sinn, go gcuireann na bagairtí atá romhainn ár modh maireachtála i mbaol agus go bhfuil an straitéis fite fuaite inár leas náisiúnta féin. Is ábhar mór imní é an méadú leanúnach ar scála na gníomhaíochta hibridí a dhéantar i gcoinne an Aontais. Táimid ag plé, ar bhealach gníomhach agus tairbheach, le forbairt beartas an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm leo troid i gcoinne bagairtí hibrideacha agus ár seasmhacht ina gcoinne a neartú. Áirítear leis sin cosaint na gcáblaí fomhuirí agus cosaint bonneagair eile atá ríthábhachtach d'fheidhmiú ár ngeilleagar. Mar gheall ar a cuid feachtas hibrideach gan stad, is baol mór an Rúis maidir le seasmhacht, daonlathas agus comhtháthú sóisialta ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Maidir leis an daonlathas, phléigh ceannairí an tábhacht a bhaineann le hathléimneacht dhaonlathach a neartú i gcomhthéacs an mhéadaithe ar bhagairtí ar shláine an daonlathais ar fud an Aontais. Táimid ar son dualgas níos láidre a chur ar ardáin ar líne ionas go mbeidís freagrach sa chomhrá in aghaidh bréagaisnéise agus ábhar mídhleathach. Léiríonn sin tiomantas na hÉireann dá chinntiú go gcuirtear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha i bhfeidhm go héifeachtach agus go gcoinnítear creat rialála digiteach an Aontais ar bun. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ceanglaítear ar ardáin ar líne modhnóireacht a dhéanamh ar ábhar digiteach san Aontas agus an riosca a mhaolú go mbeadh ábhar mídhleathach ar a n-ardáin. Is príomhuirlis é chun tacú le seasmhacht dhaonlathas an Aontais Eorpaigh. Maidir le himirce, labhróidh mé faoin mhachnamh atá ar bun i réimse na himirce chomh maith. Labhróidh freisin faoi chosaint leanaí ar líne agus an plé a bhí déanta ina leith. Deputy Cathal Crowe asked me about children being stolen from Ukraine and brought to Russia. That was discussed at the European Council as well. I want to put on the record that it was something that was important to us. I am grateful for all of the contributions Members have made in the debate today. I can leave the full script because I did not get through it all. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-04-22/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:51+00:00 Sitting date: 2026-04-22