Seirbhísí trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Glacaim leis an ndúshlán atá ann anois toisc gur theip ar an Stát le breis is 100 bliain na seirbhísí i gceantair Ghaeltachta a sholáthar don phobal. Níorbh fhéidir roimhe seo agus ní féidir le gnáthshaoránach a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga – b’fhéidir gurbh í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhí acu roimhe seo - a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát, lena n-airítear comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit agus daoine a bhíonn ag obair thar ceann an Stáit. Tá 23 bliain imithe ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar dtús. Tá muid anois cúig bliana ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá muid anois ag fanacht leis na caighdeáin. Is é sin atá an tAire tar éis a rá. Tá an plean gníomhaíochta ann, ach níl aon spriocanna ann. Cén uair go díreach a bheidh pobal na Gaeltachta in ann na seirbhísí sin a fháil trí Ghaeilge? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21