Seirbhísí trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tuigim an mífhoighne ach ní mór na dúshláin a thuiscint freisin. Tá muid ag obair ar na dúshláin sin le cinntiú go mbeidh daoine in ann na seirbhísí a sholáthar, ní hamháin do mhuintir na Gaeltachta ach dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge freisin. Is gá go mbeidh taithí agus muinín ag na daoine a bhíonn ag obair sa Státseirbhís chun é sin a dhéanamh. Tá muid ag obair air sin. Agus mo hata eile orm mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá sé sin tábhachtach dúinn. Tá muid ag obair go mbeidh daoine sa Roinn sin in ann seirbhísí a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Léiríonn mo thaithí sa Roinn sin na dúshláin atá sa Roinn chun an tseirbhís seo a thabhairt amach. Tá muid ag obair air agus tá muid dírithe air. Tá sé tábhachtach freisin - tuigim go dtuigeann an Teachta é seo - go mbeidh seirbhís le daoine i gceist agus go mbeidh muinín ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge as an tseirbhís atá le teacht. Tá muid ag iarraidh go mbeidh muinín ag muintir na Gaeltachta go mbeidh an tseirbhís ag feidhmiú ag an gcaighdeán is airde. Tá muid ag obair ar na caighdeáin sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21