Seirbhísí trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Glacaim leis nach dtarlóidh sé seo thar oíche, ach níl athrú thar oíche i gceist againn. Mar a dúirt mé, bunaíodh an Stát breis is 100 bliain ó shín. Tógadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach ar dtús 23 bliain ó shín. Leis an Acht sin, cuireadh scéimeanna ar bun i ngach uile chuid den Státchóras chun cuidiú linn na seirbhísí sin a chur ar fáil, ní hamháin do phobal na Gaeltachta ach don phobal i gcoitinne. Is é an dúshlán ná conas is féidir, ar a laghad, na seirbhísí a sholáthar dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá aitheanta gurb í an Ghaeilge príomhtheanga an cheantair sin, áit ar mian linn an Ghaeilge a chaomhnú. Ina dhiaidh sin, ba chóir na seirbhísí a leathnú amach lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith céanna. Tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 isteach ina dhiaidh sin. Dúradh linn go mbeadh na caighdeáin ar fáil laistigh de mhíonna tar éis don reachtaíocht sin a bheith foilsithe. Níl siad sin le feiceáil go fóill. Tá plean gníomhaíochta ann ach níl aon spriocdhátaí ann. Tá fadhb bhunúsach ansin. Cén uair a fhoilseofar na caighdeáin? Ar a laghad, tabharfaidh sé sin treoir nó sprioc dúinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21