Seirbhísí trí Ghaeilge Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá muid ag obair ar na caighdeáin sin. Tá mé muiníneach go mbeidh muid in ann iad a fhoilsiú roimh i bhfad. Tá mé ag obair freisin leis na comhlachtaí poiblí chun go mbeidh tuiscint ag gach comhlacht ar na caighdeáin seo. Caithfidh siad iad a thuiscint agus a chinntiú go mbeidh na resources acu chun tabhairt faoi seo. Ní mór do na comhlachtaí sin freisin tuiscint a bheith acu ar cé chomh tábhachtach is atá sé seo do mhuintir na Gaeltachta agus don Rialtas araon. Mar Aire, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh na caighdeáin sin ard agus go dtuigeann na comhlachtaí poiblí agus eagrais Stáit go gcaithfidh siad é seo a dhéanamh agus go gcaithfear na resources a chur i bhfeidhm lena dhéanamh ar ardchaighdeán. Níl aon phointe caighdeáin a fhoilsiú agus a rá go bhfuil an tseirbhís ar fáil ach nuair a théann daoine chuig aon oifig Stáit, níl an tseirbhís sin ar fáil toisc easpa cainteoirí chun an tseirbhís a sholáthar. Tá sé tábhachtach dom, nuair a fhoilseofar gach rud, go mbeidh muid agus gach comhlacht ar an talamh réidh le dul. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21