Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Cuirfidh mé ceist ar an Aire faoi mholtaí an Rialtais maidir le tithíocht sa Ghaeltacht agus faoin ráiteas nó straitéis pleanála Gaeltachta atá geallta le fada. Tá géarchéim thithíochta ag brú daoine óga agus teaghlaigh óga amach ó mo cheantar féin. Gan tithíocht, ní bheidh pobal inmharthana againn. Gan pobal inmharthana, ní bheidh todhchaí ag an nGaeilge mar theanga bheo phobail. Cathain go díreach a fhoilseofar na moltaí agus an ráiteas pleanála? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21