Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil obair idir-rannach ar siúl agus is léir go bhfuil. Tá cúrsaí pleanála, údaráis áitiúla agus an Roinn tithíochta luaite aige. I dtaobh na fianaise ar an talamh, tá pobal na Gaeltachta tar éis fanacht rófhada cheana féin. Cé go raibh sé geallta arís ag deireadh na bliana seo caite sa phlean tithíochta, níl tásc ná tuairisc ar an straitéis nó ráiteas sin. Níl sé feicthe againn. Tugaim faoi deara nár thug an tAire aon dáta daingean dúinn faoina mbeidh sé foilsithe. Glacaim leis go mbaineann sé seo leis an Aire tithíochta chomh maith ach tá freagracht ar an Aire agus ar a Roinn as an gceist seo freisin. I dtaobh cúrsaí pleanála agus cead pleanála a fháil, tá an ceart ag an Aire i slí amháin. Ní hé an fhadhb nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag tabhairt cead d'iarratais phleanála. Ní féidir le daoine áitiúla sna ceantair seo suímh a fháil ar phraghas inacmhainne. Is ceann de na fadhbanna é sin chomh maith. Caithfimid dul i ngleic leis an gceist iomlán seo, ag tabhairt san áireamh tithíocht shóisialta, na húdaráis áitiúla, an t-infreastruchtúr nó bonneagar, agus an córas pleanála. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21