Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Mar a dúirt mé, tá mé féin agus an tAire, an Teachta Browne, ag obair go crua air seo. Nílim in ann dáta a thabhairt don Teachta ag an bpointe seo. Caithfidh mo Roinn agus an Roinn tithíochta teacht ar aontú faoin mbealach le dul. Tá sé tábhachtach go mbeidh scéim agus ráiteas pleanála againn a oibríonn ar an talamh. Tá a lán dúshlán ann. Caithfimid obair ar na dúshláin seo. Táimid ag obair air sin ach níl aontú ann go fóill idir mé féin agus an Aire, an Teachta Browne. Nuair atá an plean réidh, beimid in ann é a fhoilsiú. Tá an obair ar siúl. Bíonn cruinnithe ag na hoifigigh. Bhí cruinniú ag na hoifigigh sa dá Roinn an tseachtain seo caite. Táimid dírithe isteach air ach ní bheidh sé éasca. Tá sé sin an-tábhachtach le rá. Tá dúshláin againn freisin le hUisce Éireann. Táimid ag obair ar na dúshláin sin chun go mbeidh talamh seirbhísithe ó thaobh uisce agus séarachais. Is ceann de na dúshláin eile atá againn é sin. Táimid ag obair le hÚdarás na Gaeltachta chun a chuid talún a cheangal le córas Uisce Éireann chun go mbeidh deiseanna ansin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21