Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Is cúis le frustrachas sna pobail Ghaeltachta seo an mhoill ar an straitéis nó an ráiteas, mar a dtugtar air anois. Ba cheart go mbeidh roinnt mhaith oibre déanta idir an dá Roinn le blianta anuas mar bhí sé seo geallta blianta ó shin. Athghealladh é anuraidh. Tá an tAire ag rá nach bhfuil sé éasca agus tuigim é sin ach cad iad na pointí easaontaithe? Muna bhfuil sé aontaithe idir an Aire agus an Aire tithíochta, cad iad na pointí nach raibh siad in ann aontú orthu go fóill? Cad iad na coimhlintí atá ann idir an dá Roinn? Cad atá ag cur bac nó srian ar an straitéis a bheith foilsithe? Tá dhá Ranna Rialtais anseo. Tá na blianta caite air seo. Glacaim leis nach bhfuil rudaí den saghas seo éasca ach it is not beyond the realms of human endeavour é seo a chur i gcrích leis na hacmhainní atá ag an dá Roinn agus na hacmhainní ama atá caite air seo go fóillín. Cad iad na pointí easaontais idir an Aire agus an Aire tithíochta? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21