Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Níl mé chun iad seo a leagan amach ar urlár na Dála. Táimid ag obair air. Tuigeann an tAire, an Teachta Browne, agus mé féin cé chomh tábhachtach is atá an ráiteas seo chun díriú ar an nGaeltacht agus go háirithe ar na daoine óga atá ag iarraidh tithe a chruthú inti. Táimid ag obair ar gach ceann de na dúshláin atá ann. Tá a lán oibre ar siúl ar a lán dúshlán sa Roinn. Tá na hoifigigh sa Roinn tithíochta atá ag obair liom ag obair ar roinnt de na dúshláin eile. Táimid ag obair ar chúrsaí taobh amuigh den ráiteas freisin. Mar a dúirt mé, tá san áireamh ansin soláthar séarachais agus uisce. Táimid ag obair le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil a bhfuil freagracht as pleanáil sna Gaeltachtaí orthu. Tá a lán píosaí ag baint leis an dúshlán nó jigsaw seo. Táimid ag obair air. Creidim go n-aontaíonn an Teachta liom gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh ráiteas pleanála againn a oibríonn agus a thugann deis do dhaoine tithe a chruthú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh siad in ann íoc as na tithe sin agus go mbeidh siad affordable. Táimid dírithe air seo agus ar thithe sóisialta freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21