Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Aontaím leis an Aire go bhfuil an Ghaeltacht lárnach agus go bhfuil pobail Ghaeilge breá bríomhar fud fad na tíre seo ó Thuaidh agus ó Dheas. Caithfimid an Ghaeltacht a chosaint, a chothú agus a neartú. Níor cheart go mbeadh cosaint agus fás curtha i gcoinne a chéile. Tá gá le seasamh cosanta cinnte mar gheall ar an 100 bliain d’fhaillí an Stáit seo i dtaobh na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta. Tá gá freisin le fís fháis - fís atá uaillmhianach. Ní leor a rá go gcaithfimid an méid atá fágtha a shábháil. Caithfimid oibriú i dtreo pobal nua, líonraí nua, spásanna nua agus todhchaí níos leithne don Ghaeilge. Nílim ag déanamh glaoch inniu mar gheall ar theorainneacha na Gaeltachta a athrú nó a leathnú láithreach, ach táim ag iarraidh go mbeidh an tAire ag glacadh leis an bprionsabal go bhfuil pobail láidre Ghaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht ar fiú iad a aithint agus tacú leo. Baineann sé sin le stádas chomh maith, b’fhéidir stádas Gaeltachta nó stádas ar leith taobh leis an nGaeltacht. Táim ag smaoineamh ar na bailte seirbhíse Gaeltachta atá taobh leis an nGaeltacht, agus, i gceantair áirithe, laistigh den Ghaeltacht, agus na líonraí ó Thuaidh agus ó Dheas. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21