Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Aontaím go mór leis an Teachta. Beidh sé suimiúil é sin a phlé lá eile. Faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge i mo Roinn, cuirtear maoiniú suntasach ar fáil do thionscnaimh éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Déantar sin trí eagraíochtaí, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Gaeloideachas, Gael Linn agus Oireachtas na Gaeilge. Faigheann na heagraíochtaí sin a mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tugann mo Roinn maoiniú breise dóibh le haghaidh tionscnaimh straitéiseacha chun úsáid na teanga a chur chun cinn. I nGael Linn tá an scéim Gaelbhratach do scoileanna. I nGlór na nGael, tá scéim teanga tí ag cur úsáid na Gaeilge sa bhaile chun cinn. Úsáideann Conradh na Gaeilge an ciste spreagtha a chothaíonn úsáid na teanga ag imeachtaí pobail thart ar sheachtain na Gaeilge. Tá maoiniú ag Gaeloideachas chun earnáil na luathblianta Gaeilge a fhorbairt. Tá maoiniú suntasach ag Oireachtas na Gaeilge chun na healaíona teangabhunaithe agus líonra Gaeilge sna seirbhísí poiblí a fhorbairt. Tá a lán slite ina bhfuilimid ag cuidiú leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Aontaím leis an Teachta go bhfuil deiseanna agus fuinneamh ag cúrsaí Gaeilge ag an bpointe seo. Caithfimid cuidiú leis sin agus é a spreagadh. Tá sé i ngach cuid den tír. Is é sin an rud is tábhachtaí dom. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21