Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Cé go bhfuil an dualgas orainn an Ghaeltacht a chosaint agus tá an Ghaeilge rófhada faoi chosaint ar pháipéar agus faoi bhrú sa saol fíor amach ansin, tá gá anois an chéim uaillmhianach chun tosaigh a ghlacadh. Tá an-taithí agam ar na scéimeanna, na tionscadail agus na heagrais ar leith atá ag obair ar an talamh agus atá ag fás an phobail sin agus ag tacú leis an bpobal leis an nGaeilge a bheith mar theanga chumarsáide inár dteaghlaigh i mbailte, i sráidbhailte, i scoileanna agus sa phobal i gcoitinne. Caithfimid an stádas agus an t-infreastruchtúr a chur timpeall air sin ionas gur féidir linn a rá go bhfuilimid ag cosaint ár gceantair Ghaeltachta agus an fás nua seo chomh maith don todhchaí ionas gur féidir linn an Ghaeltacht - pobal mór lucht labhartha teanga na tíre seo - ní hamháin a chosaint ach a mhéadú amach anseo agus an fhís uaillmhianach sin a bheith ann. Is cinnte go mbaineann sé sin le hacmhainní, agus acmhainní sa bhreis ar an méid atá dáilte amach ag an Rialtas go dtí seo. Tá sé bainteach le cúrsaí stádais agus aitheantais chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21