Pleanáil Teanga Dail Éireann — 2026-05-21 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tuigim an dualgas an Ghaeilge nó an Ghaeltacht a chosaint. Tá sé sin lárnach i mo chuid oibre. B’fhéidir go mbeidh seans againn an tsuirbhé shuimiúil ó Fhoras na Gaeilge, a foilsíodh an tseachtain seo, a phlé sa Teach. Leagann sé amach figiúirí an-úsáideacha don chomhrá seo. Leagann sé dúshlán amach agus cuireann sé na figiúirí ar fáil. Is é seo an chéad uair go bhfuil an t-eolas againn ar na dearcthaí sin agus beimid in ann cuidiú leis seo. Mar a dúirt mé, tá na scéimeanna ann. Táimid ag cuidiú le daoine Gaeilge a úsáid taobh amuigh den Ghaeltacht. Labhair mé faoi na scéimeanna sin freisin. Tá gradaim ghnó Ghlór na nGael ann do dhaoine atá in ann Gaeilge a úsáid gach lá agus iad i mbun gnó – i ngnóthaí beaga agus iad ag siopadóireacht. Tá sé sin tábhachtach freisin. Beidh mé i gcathair na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn le haghaidh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, scéim iontach a thugann aitheantas agus cuidiú do chomhlachtaí atá i nGaillimh ach taobh amuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a úsáid i príomhchathair na Gaeilge. Tá an scéim sin tábhachtach. Beimid in ann an Ghaeilge a cheiliúradh taobh amuigh den Ghaeltacht anseo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:54:58+00:00 Sitting date: 2026-05-21