Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Seanad Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis an Seanad as an deis a thabhairt dom teacht os a chomhair inniu agus muid ag tabhairt faoin Dara Céim den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 i Seanad Éireann. Tá go leor oibre déanta ar an mBille seo ó tionscnaíodh é ar dtús i mí Iúil 2024 agus go deimhin rinneadh neart plé fiúntach maidir leis an mBille i nDáil Éireann agus aontaíodh roinnt leasuithe air le linn an phróisis sin. Tá súil agam go mbeidh athbhunú toghchán Údarás na Gaeltachta in ann nasc an phobail Ghaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta a neartú agus go gcabhróidh an Bille nua seo le hobair fhiúntach Údarás na Gaeltachta. Sílim go gcuirfidh na forálacha sa Bhille seo leis an ionadaíocht dhaonlathach ar bhord Údarás na Gaeltachta. Creidim chomh maith go bhfuil aghaidh tugtha go leordhóthanach sa Bhille seo ar cheisteanna a ardaíodh maidir le scaipeadh tíreolaíoch, neamhláithreacht boird agus riachtanais teanga. Ar thosach feidhme na bhforálacha nua seo, beidh deichniúr comhaltaí tofa, mar aon le seisear comhaltaí a cheapfaidh Aire an lae, ar an mbord. Tá sé i gceist go mbeidh comhaltaí nua ceaptha in áit chomhaltaí ar mian leo leas a bhaint as saoire óna ndualgais bhoird ar feadh ré na saoire sin. Ní bheidh comhaltaí a bhainfidh leas as saoire i dteideal táillí boird ar feadh ré a saoire. Is cinnte gur dul chun cinn an tsolúbthacht seo agus an leasú ó thaobh feidhmiú an bhoird a chinntiú. Beidh comhalta a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de thréimhse oifige a réamhtheachtaí. Déantar foráil leis an mBille maidir le téarmaí boird a mhairfidh ar feadh uastréimhse de sé bliana. Beidh ionadaíocht ag na ceantair Ghaeltachta uile ar an mbord agus ní bheidh uainíocht comhaltaí i bhfeidhm a thuilleadh i gcás cheantair Ghaeltachta níos lú mar atá sa reachtaíocht reatha. D'fhonn a chinntiú go mbeidh nasc níos láidre ann idir pobail agus obair an bhoird, déantar foráil leis an mBille freisin do bhunú trí choiste réigiúnach. Beidh meascán de chomhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ar an trí choiste seo i réigiúin an tuaiscirt, an iarthair, an oirthir agus an deiscirt. Tá sé i gceist go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiúin Ghaeltachta faoi dhó sa bhliain ar a laghad, agus go dtabharfaidh coistí réigiúnacha tuarascáil don údarás tar éis gach cruinnithe a chuideoidh leis an údarás lena chuid oibre. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird, mar aon leis na bearta nua a bhaineann leis na coistí réigiúnacha, ionadaíocht iomlán dhaonlathach agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcursaí a bhaineann leis an údaras. Tá sé seo mar aidhm tosaigh sa chlár Rialtas, agus is ar mhaithe leis an sprioc sin a bhaint amach atá mé ag tabhairt faoin leasú reachtaíochta seo. Chomh maith leis na hathruithe seo, déanfar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhiúscairt chun críche tithíochta. Thug dréachtú na reachtaíochta seo mar a bhaineann le leasú ar phróiseas ceapacháin an bhoird deis uathúil cuid den phríomh-Acht a leasú ina leith seo. Cé nach é príomhaidhm na reachtaíochta é, is leasú tábhachtach é mar sin féin. Tuigim cé chomh práinneach is atá ceist na tithíochta ar fud na tíre. Cloisim ó dhaoine nuair a thugaim cuairt ar cheantair Ghaeltachta cé chomh deacair is atá sé orthu tithe a fháil le ceannach nó a ghlacadh ar cíos. Ag glacadh leis go dteastaíonn daoine uainn chun pobail na Gaeltachta mar aon leis an teanga a choinneáil beo, forálann an Bille seo freisin do bheart tithíochta a thacóidh le tithíocht a sholáthar i gceantair Ghaeltachta. Leis an mBille seo, féadfaidh an tAire, ag feachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an creat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha, CEFR, an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine le suí ar an mbord a fhorordú. Is uirlis chaighdeánaithe é comhchreat tagartha na hEorpa le haghaidh teangacha a d'fhorbair Comhairle na hEorpa chun inniúlacht teanga a mheas. Tá obair dhúshlánach ar siúl agus bord an údaráis i mbun cinntí agus plé agus tá sé tábhachtach go bhfuil na riachtanais agus scileanna cuí ag gach comhalta bord. Chun críche na dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta, beidh sé riachtanach roinnt mionleasuithe teicniúla a dhéanamh ar an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 mar a bhaineann le féimheacht; ar an Acht Toghcháin, 1992; ar an Acht Toghcháin, 1997; ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018; agus ar an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an údarás ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach. De bharr na hoibre seo, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Bliain i ndiaidh bliana, tugann an Rialtas tacaíocht shuntasach d'Údarás na Gaeltachta. Is ábhar sásaimh é go raibh 9,716 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2025 agus gur chruthaíodh 681 post nua sa Ghaeltacht in 2025. Sílim go léiríonn sé seo cheana féin chomh tiomanta is atáimid tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus go léiríonn an píosa reachtaíochta seo go bhfuil muid tiomanta do bhord láidir agus ionadaíoch ó thaobh na gceantar Gaeltachta de a bheith ag Údarás na Gaeltachta. Ceann de na príomhchuspóirí a bhí ag Acht na Gaeltachta, 2012 ná bunús reachtúil a thabhairt don phróiseas pleanála teanga, ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Foráiltear in alt 9 den Acht sin go bhféadfaidh an tAire, le hordú, baile sonraithe a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, ach an baile sin a bheith suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó tadhlach leis. Is léir, tar éis phróiseas comhairliúcháin phoiblí, go bhfuil deacracht le foclaíocht an ailt seo, sa mhéid is nach bhfuil gach baile a ainmníodh tadhlach don Ghaeltacht ná laistigh den Ghaeltacht. Chun an deacracht seo a shárú, tá sé beartaithe alt 9 a leasú ionas go bhféadfaí bailte laistigh de 30 km ó limistéar pleanála teanga Gaeltachta a chuimsiú. Ní shonraíonn Acht na Gaeltachta, 2012 faoi láthair cén tréimhse ama a bhfuil pleananna teanga i bhfeidhm. Tá sé seo sonraithe sna treoirlínte pleanála teanga atá eisithe ag mo Roinn. Deir na treoirlínte seo faoi láthair go bhfanann pleananna i bhfeidhm ar feadh thréimhse seacht mbliana. Ceadaíonn an tAcht athbhreithnithe tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm gach plean teanga. D'fhonn a dhóthain ama a thabhairt chun athbhreithnithe ar na pleananna teanga go léir a chur i gcrích agus pleananna a ullmhú don chéad timthriall pleanála eile, is mian liom an tAcht a leasú chun a shonrú go bhfanfaidh na pleananna teanga tosaigh go léir atá ceadaithe i bhfeidhm ar feadh seacht mbliana ar a laghad agus naoi mbliana ar a mhéid. Ina theannta sin, is mian liom a shonrú san Acht go mbeidh pleananna teanga ina dhiaidh sin ag feidhmiú ar feadh tréimhse seacht mbliana agus go bhféadfar síneadh a chuir leo má mheastar gur gá sin. Tá roinnt leasuithe teicniúla agus tábhachtacha eile. Táim ag súil go mór leis an díospóireacht ar an bpíosa reachtaíochta seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:03+00:00 Sitting date: 2026-06-11