Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Seanad Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Joe Conway (IND), Cultural and Educational Panel Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh an Aire as a bheith anseo inniu. Nuair a bhuail mé bleid ar an Aire i dTrá Mhór le déanaí, bhí fíor-dhea-ghiúmar air agus é ag spaisteoireacht timpeall gairdíní Lafcadio Hearn agus ag anáil na síochána a bhíonn thart timpeall na háite galánta sin. Leagfaidh mé béim air seo: beidh fáilte ar leith roimhe aon am gur mian leis teacht chuig an mbaile mór sin, Trá Mhór. In ainneoin an cháis nach bhfuil an baile mór sin faoi chúram an údaráis, tabharfaidh sé sásamh don Aire a chloisteáil go bhfuil borradh láidir i measc an daonra ansin agus neart oibre maith á déanamh i nGaelscoil Philib Barún idir daltaí, oidí agus tuismitheoirí. Ag díriú anois ar an mBille atá idir lámha againn inniu, agus táim ag labhairt ar son chomhaltaí uile ár ngrúpa istigh anseo, ar an gcéad dul síos, déanfaidh mé tagairt do dhéanamh suas an bhoird nua atá molta. Táim cinnte go mbeidh nasc níos láidre ann idir pobail agus obair an bhoird. Leis an mBille, déantar foráil go mbunóidh an t-údarás trí choiste réigiúnach a bheidh comhchosúil leis na coistí a bhíodh ann roimh 2012 ach beidh sainchúraimí beagán éagsúla acu. Beidh comhaltaí a ainmneoidh údaráis áitiúla ar na coistí réigiúnacha mar aon le comhaltaí uile an údaráis. Ní foláir do na coistí réigiúnacha a bheith ábalta a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta i nGaeilge acu gur gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Beidh comhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ar na coistí sin ó réigiún an tuaiscirt, réigiún an iarthair agus an oirthir, agus réigiún an deiscirt. I gcás nach mbeidh aon duine tofa chun údarás áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Ghaeltachta, d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil duine a ainmniú nach comhalta den údarás áitiúil sin é nó í ach ar duine é nó í a mheasann an t-údarás áitiúil a bheith oiriúnach chun ionadaíocht a dhéanamh dó ar an gcoiste réigiúnach. Beidh an duine a ainmneofar ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir i gceantar Gaeltachta atá laistigh de dhlínse an údaráis áitiúla lena mbaineann. Glacann ár ngrúpa leis na riachtanais seo ina n-iomláine. Anois, labhróidh mé faoi chás na tithíochta. I nGaeltacht na Rinne sna nDéise, tá acraí talaimh i seilbh an údaráis. B'fhéidir go bhfaca an tAire iad sin ar a chuairt. Tá acraí talaimh i seilbh an údaráis atá oiriúnach don tithíocht ach ní mór na mionsonraí dlí a chomhlíonadh. B'fhéidir go bhfuil rudaí mar an gcéanna i ngach ceann de na Gaeltachtaí. Is léir go bhfuil an Bille seo ag díriú isteach ar na cásanna seo. Aontaím leis an obair seo. Is é ceann de na saincheisteanna is práinní i bpobail Ghaeltachta agus ar bhonn náisiúnta an gá le tithíocht a sholáthar. Le linn mo thréimhse mar chomhalta an bhoird, d'aithin an t-údarás roinnt suímh oiriúnacha ina phunann mhaoine féin a d'fhéadfaí a fhorbairt chun na críocha sin. Meastar go bhfuil sé caoi cumhachtaí sainráite a thabhairt don údarás chun talamh atá faoin úinéireacht aige a dhiúscairt nó a dhíol chuig údaráis tithíochta nó comhlachtaí tithíochta ceadaithe chun críche na tithíochta. De réir sin, déantar foráil leis an mBille chun cumhacht a thabhairt don údarás tailte atá ina sheilbh a dhiúscairt chuig comhlachtaí tithíochta ceadaithe. Tá sé sin inmholta go deo. Maidir le pleanáil teanga, mar gheall ar an leibhéal saineolais atá léirithe ag na heagraíochtaí a bhfuil sé de chúram orthu pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ó cuireadh tús le hAcht 2012, tá sé beartaithe sa Bhille go mbeidh cumhacht ann na heagraíochtaí sin a athcheapadh seachas athfhilleadh ar an bpróiseas tosaigh le haghaidh eagraíochtaí a cheapadh sula dtéann sé isteach i dtimthriall nua den phróiseas pleanála teanga. I ndeireadh na Dála, chun críoch a chur le mo phort, is mian lenár ngrúpa comhartha a thabhairt go bhfuil ár dtacaíocht leis an mBille seo agus lenár nGaeltachtaí go brách. Is aoibhinn liomsa a ligean amach anois go bhfuil mé ar tí éalú amach ón doras chun eitilt a fháil ó Bhaile Átha Cliath chuig Gaeltacht Chiarraí courtesy of Michael O'Leary. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:03+00:00 Sitting date: 2026-06-11