Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Seanad Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Garret Kelleher (FG), Industrial and Commercial Panel Cuirim fáilte roimh an Aire agus gabhaim buíochas leis as teacht isteach. Gan amhras, fáiltím roimh an mBille atá os ár gcomhair inniu. Is tábhachtach an rud é guth níos láidre a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus do mhuintir na nGaeltachtaí ar fud na tíre, go háirithe mar is iad na daoine atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus na daoine atá ag déileáil leis na scoileanna sa Ghaeltacht, ag tacú leo, ag cruthú post agus ag forbairt gnóthaí sa Ghaeltacht. Is iad seo na daoine is tábhachtaí. Tá siad ag obair i measc phobal na Gaeltachta atá ag úsáid seirbhísí. Ó thaobh daonlathais de, níl aon amhras agam ach gur céim chun tosaigh í seo do mhuintir na Gaeltachta. Beidh guth níos láidre acu ar an mbord. Is é príomhfheidhm Údarás na Gaeltachta ná an Ghaelainn a chaomhnú agus na Gaeltachtaí ar fud na tíre a fhorbairt. Caithfimid gach rud gur féidir a dhéanamh chun cabhrú le bord Údarás na Gaeltachta agus le muintir na Gaeltachta ar fud na tíre. Tá sé luaite ag na Seanadóirí Curley agus Conway roimh ré, agus gan amhras, cuirim fáilte roimh an méid a bhí á rá ag an Aire féin ag tús na díospóireachta, faoi thithíocht sa Ghaeltacht. Is é sin an rud is deacra a bhfuilimid ag déileáil leis i láthair na huaire. Tá sé sin fíor taobh amuigh de na Gaeltachtaí chomh maith, mar is eol dúinn. Tá sé níos tábhachtaí fós, mar a dúirt an Seanadóir Curley, déileáil le daonra agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sna Gaeltachtaí, go háirithe don chéad ghlúin eile atá le teacht, chun a bheith ag obair. Chomh fada is a thuigim, tá deacrachtaí ag an údarás faoi láthair maidir le talamh a cheannach seachas talamh a dhíol. B’fhéidir go ndéarfadh an tAire cúpla rud mar gheall air sin agus an chaoi ar féidir linn déileáil leis an gceist sin chun an fhadhb sin a réiteach, más fadhb é. Bhí mé i nGaillimh Thiar don fhothoghchán agus bhí mé ag canbhasáil i gConamara go háirithe. Labhair mé le daoine agus le teaghlaigh a bhí buartha mar gheall ar an todhchaí atá i ndán dá gcuid clann. Tá siad ag iarraidh todhchaí níos fearr a bheith acu, go háirithe ó thaobh tithíochta de. Caithfimid a bheith ag obair leis an údarás agus cumhacht a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le déileáil níos láidre le fadhb na tithíochta. Is é sin an príomhrud chun tithíocht a sholáthar. Ní mór dúinn oibriú le heagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre, cosúil le BÁNÚ i gConamara, Tinteán, a bhíonn ag obair sna Gaeltachtaí ar fad, agus leithéidí Chonradh na Gaeilge. Bhíos sa seomra AV níos luaithe ag éisteacht le tuairisc atá á cur amach ag Jim Power Economics. De réir taighde atá déanta ag UNESCO, tá an teanga i mbaol don chéad bhliain atá díreach os ár gcomhair, nó “endangered” mar a deir lucht an Bhéarla. Caithfimid déileáil leis sin taobh amuigh agus taobh istigh de na Gaeltachtaí, go háirithe i gcomhthéacs an Ghaeloideachais taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Ní mór tuilleadh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil chun seans a thabhairt do dhaoine oideachas a bheith acu trí mheán na Gaeilge. Is ar na Gaeltachtaí atá ár n-aird leis an mBille seo, áfach, ach tá an pointe sin chomh tábhachtach céanna sna Gaeltachtaí. Caithfimid an deis sin a thabhairt do pháistí na Gaeltachta todhchaí a bheith acu agus tithe a thógáil. Caithfimid a bheith ag obair leis an údarás chun dul chun cinn a dhéanamh leis sin chun tuilleadh tithíochta a sholáthar sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá sé sin riachtanach do thodhchaí na teanga taobh istigh agus taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Is mian liom, thar ceann Fhine Gael, fáilte a chur roimh an mBille agus an dul chun cinn atá déanta. Déanaim comhghairdeas leis an Aire as ucht na hoibre atá déanta aige ina thréimhse mar Aire. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis sa chuid eile den téarma atá le teacht chun rudaí den saghas seo a dhéanamh le tithíocht a sholáthar, go háirithe sna Gaeltachtaí, seans a thabhairt don teanga forbairt, agus tacú le hathbheochan na teanga ar fud na tíre. Gabhaim míle buíochas leis an Aire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:03+00:00 Sitting date: 2026-06-11