Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Seanad Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Pauline Tully (SF), Cultural and Educational Panel Tacaím leis an bhunfháth a bhfuil an Bille seo á chur os comhair an tSeanaid chun go mbeidh toghchán ann arís do bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí Sinn Féin i gcoinne an chinnidh fáil réidh leis sa chéad dul síos. Táimid fós ag lorg go mbeadh bord iomlán an údaráis tofa agus go mbeadh cumhachtaí cuí ag Údarás na Gaeltachta chun an teanga náisiúnta agus na ceantair ina bhfuil sí fós beo a chosaint. Is léir go gceapann an tAire go bhfuil sé sin i gceist anseo, ach ní mar sin atá. Is léir go bhfuil gá anois le gníomh chun cuidiú le muintir na háite fanacht ina gceantair féin. Caithfear cinntiú go bhfuil tithe ar díol nó ar cíos le nach leanfaidh leis an bhánú atá ag tarlú sa Ghaeltacht. Tá dainséar nach mbeidh go leor páistí ina lán ceantar chun na scoileanna, siopaí, na cumainn lúthchleas Gael agus araile a chóiméad oscailte. Ó bunaíodh an Stát, bhí síor-imirce, easpa post agus bochtaineacht ag bánú na gceantar Gaeltachta. Anois, ligeadh don domhan mór tithe samhraidh a cheannach gan srian, rud atá ag bánú na nGaeltachtaí níos mó arís. Ní féidir le lánúin tithe a cheannach, a fháil ar cíos nó a thógáil. Níl tithe ar fáil ach amháin ar Airbnb, nó ní mór do mhuintir na Gaeltachta a bheith iontach saibhir chun teach a cheannach. Tá an ghéarchéim seo ag cur na gcoláistí samhraidh i mbaol. Tá ról na mban tí lárnach sa Ghaeltacht ach, gan tithe, ní bheidh mná tí nua ann amach anseo. Tá an earnáil á cur i mbaol mar gheall ar pholasaí tithe an Rialtais. In ainneoin an róil lárnaigh atá ag Údarás na Gaeltachta i bpleanáil teanga, ní léir dom go bhfuil an Bille seo ag dul fada go leor maidir leis sin. Chuir Sinn Féin leasuithe chun cinn ar an Bhille seo sa Dáil, ach dhiúltaigh an tAire leo. Bhíomar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh ionadaíocht chinnte ag gach ceann de na ceantair Ghaeltachta. Ba cheart go mbeadh toghcheantair ag Ráth Chairn agus An Rinn. Ba cheart go mbeadh ionadaíocht chothrom idir fhir agus mhná ag leibhéal bhord Údarás na Gaeltachta amach anseo. Bhí tacaíocht an choiste Gaeilge leis na moltaí sin, ach rinne an tAire neamhaird orthu. Is é an fáth go bhfuilimid ag an phointe seo ná gur scrios bord snip - Fine Gael agus Labour - an daonlathas sa chéad dul síos in 2012. Agus na toghcháin ag teacht ar ais arís, is gá díriú arís go dian ar theaghlaigh agus lánúin óga a choimeád sna ceantair seo. Caithfimid a chinntiú go mbeidh poist agus tithíocht nua-aimseartha ar fáil dóibh, chomh maith leis na seirbhísí a ghabhann leo, lena n-airítear scoileanna, siopaí, eaglaisí, tithe tábhairne, clubanna agus araile. Tá talamh ag an údarás is féidir a úsáid anois chun déileáil leis an ghéarchéim, ach ní luíonn an jab seo leis an údarás amháin. Tá dualgais ar an Stát agus ar na comhairlí contae chomh maith. Is gá don údarás iad a spreagadh chun gnímh. Tá ról ag Uisce Éireann, ESB Networks agus eagraíochtaí eile nach iad chun tús áite a thabhairt don Ghaeltacht le tógáil tithe sa Ghaeltacht a éascú agus a thapú. Más gá le ciste ar leith chun sin a dhéanamh, is gá le ciste ar leith. Tá súil agam nach mbeidh aon mhoill ar an dul chun cinn seo agus muid ag fanacht ar an toghchán don bhord úr, ach a mhalairt. Tá sé thar am go mbeidh tús agus luas curtha le gníomh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:03+00:00 Sitting date: 2026-06-11