Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Seanad Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Nessa Cosgrove (LAB), Labour Panel Fáiltím roimh an obair atá déanta ag an Aire ó ceapadh ina Aire é. Labhróidh mé faoi bhealach amháin a gcuirfeadh feabhas ar chearta daoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach do phobal agus todhchaí na Gaeltachta go mbeidh ról níos lárnaí ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Sa Bhille, beidh cead ag an údarás talamh a dhíol. Ba chóir go mbeadh cead ag an údarás talamh a cheannach chomh maith ar mhaithe le tithe a chur ar fáil. Tá 400 acra talún ag an údarás a bheadh foisteanach anois, dar leis féin. Tá saineolas agus scileanna in Údarás na Gaeltachta chun tograí agus scéimeanna mar seo a éascú. Bheadh rannóg thithíochta san údarás in ann cabhrú le muintir na Gaeltachta agus cur leis na deiseanna chun maireachtáil sa Ghaeltacht ar bhonn lárnach. Ba ag cabhrú le hUisce Éireann, comhairlí contae agus comharchumainn áitiúla a bheadh an t-údarás mar sin. Cuirfidh mé na moltaí seo chun cinn ag an gcéad Chéim eile agus tá súil agam go nglacfaidh an tAire leo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:03+00:00 Sitting date: 2026-06-11