Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim Seanad Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas le gach Seanadóir a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Ag seasamh taobh amuigh den Bhille, tá an gairdín sin i dTrá Mhór dochreidte. I will say it in English. The Lafcadio Hearn Gardens to which Senator Conway referred is a must-go. I recommend everyone to visit. It is a fantastic community project. Tiontóidh mé ar ais chuig an mBille anois. Is Bille tábhachtach é. Tá na dúshláin atá ag an nGaeltacht leagtha amach ag na Seanadóirí, mar aon leis na deiseanna atá aici ag an bpointe seo. Tá ról an údaráis thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs na ndúshlán agus na ndeiseanna sin. Táimid dírithe ar fhadhb na tithíochta sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh tuiscint ag daoine go bhfuil an fhreagracht as cúrsaí tithíochta ar an Aire tithíochta go príomha. Táim ag obair go dlúth leis. Táimid ag obair ar ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht, a leagfaidh amach na dúshláin agus na coinníollacha atá ann chun cabhrú le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach. Beidh ról tánaisteach ag an údarás i gcomhthéacs na ceiste sin. Tá sé sin tábhachtach. Is rud do na comhairleoirí áitiúla é an phleanáil. Tá sé tábhachtach go n-oibríonn siad linn. Táim tar éis an t-uafás cruinnithe faoi seo a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh údaráis áitiúla a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram. Nuair atá an dréachtráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta againn, beimid in ann é a phlé leis na húdaráis áitiúla. Aontaím le gach Seanadóir gurb í an tithíocht ceann de na dúshláin is tábhachtaí. Baineann ról an údaráis le fiontar, fostaíocht agus pleanáil teanga. Gan fiontar ná fostaíocht, ní bheidh daoine in ann tithe a chruthú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go ndíreoimid obair an údaráis ar chúrsaí fiontair, fostaíochta, cultúrtha agus pleanála. Mar a dúirt mé, tá beagnach 10,000 daoine fostaithe i gcomhlachtaí sa Ghaeltacht a fhaigheann cabhair ón údarás. Bhí ardú san fhigiúr sin i rith 2025. Tá sé tábhachtach súil ghéar a choimeád ar chúrsaí fiontair agus fostaíochta sa Ghaeltacht. Níl sé rófhada ó bhí daoine dírithe ar fhadhb na fostaíochta sa Ghaeltacht. We cannot take employment and enterprise in the Gaeltacht for granted. Beimid dírithe ar chúrsaí tithíochta. Tuigim go maith an dúshlán atá ann ach tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid leis an bpróiseas atá ann. Luaigh an Seanadóir Curley cé chomh tábhachtach is atá sé infheistíocht bhreise a dhéanamh sa Ghaeltacht agus sa teanga. Luaigh an Seanadóir Kelleher an rud céanna. Ní mór dom a rá go bhfuair mé an méadú is mó riamh don earnáil i mbuiséad 2026. Beidh beagnach €160 milliún infheistithe san earnáil i mbliana dá bharr. Táimid ag tús an phróisis do cháinaisnéis 2027. Beimid dírithe air seo freisin. Labhair an Seanadóir Conway faoi na coistí réigiúnacha. Tá na coistí sin thar a bheith tábhachtach. Tá sé tábhachtach go bhfuil guth na réigiún ann. Tá sé tábhachtach freisin go bhfuil tuiscint ann. Cuirfidh mé an tuiscint seo ar record an tSeanaid; is bord Stáit é an t-údarás freisin. Mar gheall gur bord Stáit é, tá sé freagrach don Dáil, do mo Roinn agus don Choiste um Chuntais Phoiblí. Tá sé tábhachtach go mbeidh scileanna ar an mbord chun é sin a chomhlíonadh. Beidh daoine tofa ach beidh Aire an lae in ann daoine leis na scileanna sin a chur ar bhord an údaráis. Is bord den Ghaeltacht é ach is bord Stáit é freisin. Mar gheall gur bord Stáit é, tá freagrachtaí air agus tá sé tábhachtach go bhfuil taithí ar an mbord chun na freagrachtaí sin a chomhlíonadh. Mar a dúirt an Seanadóir Curley agus an Seanadóir Kelleher, tá sé tábhachtach go mbeidh na coistí réigiúnacha láidir. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh siad ceangailte leis an bpróiseas pleanála teanga, mar a luaigh an Seanadóir Curley. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an próiseas sin chomh láidir agus is féidir. Chuir an Seanadóir Tully béim ar chúrsaí tithíochta. Labhair an Seanadóir Kelleher faoi chúrsaí toghcháin sa Ghaeltacht. Bhí mé i gConamara. Táim tar éis a lán ama a chaitheamh sa Ghaeltacht in iarthar na Gaillimhe. Bhí na comhráite sin agam freisin. Táimid dírithe orthu sin. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh infheistíocht bhreise. Táimid i mbun ceann de na tograí is mó i stair mo Roinne i nGaeltacht Chonamara, an togra ar shuíomh Choláiste Lurgan, agus an togra is mó i stair na Roinne, an togra ar Ché Inis Oírr. Táimid ag cur infheistíocht chaipitil isteach. Táimid ag cur infheistíocht airgeadais isteach freisin. Tá mo chomhghleacaí Rialtais, an tAire, an Teachta O'Donovan, tar éis €5 milliún breise a thabhairt do TG4 chun go mbeidh sé in ann seirbhís nuachta neamhspleách a chur ar siúl. Is infheistíocht bhreise é sin freisin. Tá an t-údarás dírithe ar chúrsaí digiteacha ag an bpointe seo. Maidir le hintleacht shaorga, tá dúshláin mhóra roimh an nGaeilge mar gheall ar AI ach tá deiseanna ann freisin. Má oibrímid i gceart ar chúrsaí AI sa Ghaeltacht, beimid in ann an Ghaeltacht a chur os comhair an domhain. Baineann deiseanna leis sin. Tá an t-údarás dírithe air sin freisin. Creidim go mór go bhfuil todhchaí slán ag an nGaeltacht agus go bhfuil daoine muiníneach as an todhchaí sin. Gan dabht, tá dúshláin ann ach táimid dírithe orthu sin. Sa bhealach céanna, táimid ag díriú ar na deiseanna. Tá an Bille seo ann chun cuidiú leis na dúshláin agus na deiseanna sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:03+00:00 Sitting date: 2026-06-11