An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Aontaím leis an Teachta gur cheart go mbeadh muid in ann an buninfreastruchtúr sin a chur i bhfeidhm. Tá deacracht ann go háirithe in áiteanna iargúlta. Bhí sé soiléir le linn Stoirm Éowyn, mar shampla, nach raibh an córas chomh láidir is a cheap gach éinne go raibh sé. Cailleadh an córas go han-tapa ar fad. Beidh mé ag caint leis an Aire, an Teachta Calleary, le féachaint an féidir linn níos mó a dhéanamh ó thaobh áiteanna iargúlta agus b’fhéidir níos mó tacaíochta a thabhairt don pobal nó do na comhlachtaí chun plean a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh broadband ann don phobal. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:06+00:00 Sitting date: 2026-06-23