Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Nessa Cosgrove (LAB), Labour Panel Tairgim leasú Uimh. 1: Ar leathanach 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach: “(7A) Féadfaidh an tÚdarás leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”. Cuirim fáilte roimh an Aire. Labhair mé faoi seo an tseachtain seo caite. Ba mhaith liom labhairt faoin leasú seo a chuirfeadh feabhas mór ar chearta daoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach don phobal agus do thodhchaí na Gaeltachta go mbeadh ról níos lárnaí ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Sa Bhille anois, beidh cead ag an údarás talamh a dhíol. Ba chóir go mbeadh cead ag an údarás talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil. Tá 400 acra talún ag an údarás a bheadh oiriúnach le haghaidh seo, dar leis féin. Tá a fhios agam go bhfuil saineolas agus scileanna in Údarás na Gaeltachta chun tograí agus scéimeanna mar seo a éascú. Bheadh rannóg thithíochta san údarás in ann cabhrú le muintir na Gaeltachta leis na deiseanna a bheadh acu maireachtáil sa Ghaeltacht ar bhonn lárnach, ag cabhrú le hUisce Éireann, comhairlí contae agus comharchumainn áitiúla a fheileann don togra sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23