Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Pauline Tully (SF), Cultural and Educational Panel Tá géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht atá ag déanamh damáiste don phobal teanga. Níl teaghlaigh sa Ghaeltacht in ann teach a aimsiú le ceannach nó a dteach féin a thógáil. Is é sprioc an Bhille seo ná daonlathas a thabhairt ar ais in Údarás na Gaeltachta agus a chinntiú gur féidir leis an údarás tabhairt faoi na fadhbanna atá ag cur isteach ar mhuintir na Gaeltachta. Is mór an trua é nár éist an Rialtas le Sinn Féin sa Dáil maidir le bord iomlán tofa a bheith ann. Is mór an trua é freisin nár ghlac an Rialtas le leasuithe ó Shinn Féin chun an t-údarás a láidriú. Níl ach aon leasú amháin á mholadh ag Sinn Féin agus na Seanadóirí eile ón bhFreasúra anseo, leasú a mhol Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt don údarás talamh agus maoin a fháil chun tithíocht a sholáthar. Léiríonn an bhéim seo ar chúrsaí tithíochta cé chomh tábhachtach atá sé. Gan tithe, ní bheidh teaghlaigh ag fanacht. Gan teaghlaigh, ní bheidh todhchaí ag an nGaeltacht. Dúirt an tAire ar Chéim an Choiste sa Dáil go dtiocfadh sé ar ais le leasuithe faoi seo, ach níor tháinig. Dúirt an tAire ar Chéim na Tuarascála sa Dáil go raibh sé oscailte roimh thuairimí ón bhFreasúra. Dhiúltaigh sé dóibh go léir. Tá BÁNÚ, Tinteán, Conradh na Gaeilge agus gníomhaireachtaí ar fud na Gaeltachta ag moladh ról níos láidre don údarás le leasú mar seo. Dúirt an tAire "in terms of developing housing and planning responsibilities for housing, there are other, quicker ways to do it. Níl “other, quicker ways” le feiceáil go dtí seo. Tá an ghéarchéim ag éirí níos measa. Teastaíonn gníomh anois. Cé go bhfuil sé aontaithe faoin mBille seo go mbeadh an t-údarás in ann fáil réidh le maoin chun tacú le soláthar tithíochta, níl aon rud sa Bhille seo ag tabhairt cead don údarás maoin a fháil sa chéad áit chun é a chur ar fáil mar thithíocht. Cén fáth? An bhfuil an tAire sásta glacadh leis an leasú seo chun an cead sin a thabhairt dó? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23