Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Joe Conway (IND), Cultural and Educational Panel Mar is eol do nach mór gach Seanadóir, chaith mé tréimhse dhá bhliain ar bhord an údaráis. Chuala mé arís agus arís eile an díospóireacht a bhí ann ansin. Níl mé ag ligean amach aon rún anois, ach bhí síordhíospóireacht faoi thithíocht agus na tailte a bhí i seilbh an údaráis agus an chomhairle a bhí á fáil aige iad sin a ligean amach ar an margadh agus araile. I measc na gcomhaltaí, bhí sé go forleathan ina dtuairimí go raibh dóthain oibre le déanamh ag an údarás féin gan a bheith ag dul isteach sa mhargadh maoine mar shórt ceantálaí ag díol agus ag ceannach maoine, réadmhaoine chomh maith. Tuigim go rímhaith cá háit as a dtagann an leasú seo, ach i ndáiríre, tá a ghnó féin le déanamh ag an údarás. B'fhéidir nach bhfuil an ceart deimhin agam, ach ceapaim nach bhfuil sé toilteanach agus nach bhfuil an chumhacht seo de dhíth uaidh dul isteach i scéimeanna mar seo ag lorg, thall is abhus, tailte le díol nó le cur ar cíos do dhaoine nó cumainn nó gach uile rud mar sin. Níor mhaith liom tacú leis an leasú seo ar an ábhar sin. Ní hé seo an díriú atá ar an mBille. Tá an Bille seo dírithe i gceart don údarás. Leis an leasú seo, bheifí ag caitheamh ualach mór oibre ar an údarás, rud nach bhfuil tuillte aige. Níl sé de dhíth air. Mar sin, tá mé in aghaidh an leasaithe seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23