Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as an leasú. Tá cumhacht ag Údarás na Gaeltachta maoin a cheannach agus a dhíol faoi láthair. Tá tithíocht san áireamh leis seo mar is maoin atá i dtithíocht. Faoin reachtaíocht reatha, tá sé de chumhacht ag an údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. Níl sé i gceist agam an leasú seo a chur san áireamh sa Bhille le go mbeadh an t-údarás ag tógáil tithe sa Ghaeltacht. Ina áit sin, tacóidh an eagraíocht le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht. Níl sé i gceist agam go mbeidh an t-údarás ag bainistiú thógáil tithe nó scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht ach oiread. Ní gníomhaireacht tithíochta nó údarás áitiúil é an t-údarás, agus tá sé tábhachtach é seo a rá. Bíonn údaráis áitiúla ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta ar fad, agus titeann cúram na tithíochta orthu. Baineann an Bille seo le toghchán chuig bhord Údarás na Gaeltachta a athbhunú. Tá sé tábhachtach tosaíocht a thabhairt don sprioc sin agus muid ag iarraidh an reachtaíocht a bhrú ar aghaidh. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt eacnamaíoch, sóisialta, teangeolaíochta agus cultúir sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, tá cumhachtaí cuimsitheacha ag an eagraíocht cheana féin maidir le maoin a cheannach nó a fháil agus an t-údarás ag tabhairt faoi fhorbairt eacnamaíoch, sóisialta, teangeolaíochta agus cultúir sa Ghaeltacht. Beidh ról an-tábhachtach ag an údarás i gcúrsaí tithíochta, ach is ról tánaisteach é. Luíonn an príomhról maidir le pleanáil tithíochta leis na húdaráis áitiúla. Tá muid ag obair ar ráiteas pleanála tithíochta don Ghaeltacht chomh maith. Ag an bpointe seo, tá deontas ar fáil do thithe folmha sa Ghaeltacht. Níl na figiúirí díreacha agam ach cuirfear iad thar ríomhphost chuig na Seanadóirí. Léiríonn na figiúirí, agus an méid airgid a íocadh amach, go bhfuil a lán daoine ag baint úsáid as na tithe folmha sa Ghaeltacht. Tá ardú mór ar líon na gceadúnas pleanála sa Ghaeltacht le haghaidh tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht. Mar sin, tá rudaí ag tarlú. Níl sé féaráilte an rud sin a chur ar an údarás. Tá mé ag iarraidh go mbeidh sé dírithe ar ról fiontair, sóisialta agus teangeolaíochta. Cé go mbeidh ról tánaisteach tábhachtach ag an údarás i gcúrsaí tithíochta, níl sé ceart ná féaráilte le rá gurb é an freagra ar an dúshlán mór seo. Is é sin an fáth nach féidir liom glacadh leis an leasú seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23