Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Nessa Cosgrove (LAB), Labour Panel Gabhaim buíochas leis an Aire. I dtús báire, fáiltím roimh an obair atá déanta aige ó ceapadh ina Aire é. Is mór an trua é seo a chloisteáil, áfach. Tá díomá orm nach dtacóidh an tAire leis an leasú seo. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna móra maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Tugann an leasú seo níos mó deiseanna don údarás freagraí níos praiticiúla agus níos dírithe a bheith aige do na fadhbanna tithíochta atá os a chomhair. Tá a fhios agam nach n-éireoidh leis an leasú ag an am seo, ach gabhaim buíochas leis an Aire pé scéal é. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23