Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ PJ Murphy (FG), Agricultural Panel Maidir le halt 6, tá a fhios ag gach duine sa Teach seo go bhfuil fadhb mhór i ngach ceantar Gaeltachta timpeall na tíre le tithíocht. Tá a lán oibre le déanamh ag na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí cosúil le BÁNÚ i gConamara agus Tinteán i ngach ceantar Gaeltachta timpeall na tíre. Tá an chumhacht ag Údarás na Gaeltachta le bheith ag oibriú leis na húdaráis áitiúla i leith fhadhb na tithíochta i ngach ceantar Gaeltachta. Is mian liom mo thacaíocht féin, agus tacaíocht mo pháirtí, Fine Gael, don Bhille seo a chur in iúl. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23