Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis an Seanad as díospóireacht a dhéanamh ar an mBille tábhachtach seo inniu, go háirithe na Seanadóirí a bhí ann le haghaidh an Dara Céim freisin. In ainneoin nach mbeimid in ann aon cheann de na leasuithe a thógáil, tuigim go mór an brú atá ar na Gaeltachtaí faoi chúrsaí tithíochta agus táimid dírithe ar an dúshlán sin. Táimid ag obair leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, le haghaidh ráiteas pleanála Gaeltachta. Táimid chun é sin a fhoilsiú an-luath. Freisin, táimid ag obair leis an údarás. Cuirimid airgead go dtí an t-údarás chun poist nua a bhunú san údarás, oifigigh atá i gceannas ar eolas faoi thithe folmha sa Ghaeltacht. Colm Mac Eachmharcaigh atá i gceannas ar sin. Is as Maigh Eo dó, agus tá sé sin tábhachtach, ach léiríonn sé sin go bhfuil sé ag obair ar na saghsanna figiúirí agus go mbeidh eolas againn faoi na figiúirí. Tá sin as an údarás. Táimid ag cabhrú leis an údarás. Táimid an-dáiríre faoin sprioc 20%. Beidh sé dúshlánach. Níl aon dabht go mbeidh dúshlán ann, ach tá sé tábhachtach freisin do na daoine a bhfuil Gaeilge acu sa Státseirbhís ag an bpointe seo agus go mbeidh siad páirteach ann. Beidh siad páirteach san iarracht sin. Ar maidin, bhíomar ag obair leis an Aire, an Teachta Lawless, tar éis bhunú coiste nua Rialtais le haghaidh obair a dhéanamh sa tríú leibhéal agus go mbeidh cúrsaí tríú leibhéal as Gaeilge le haghaidh na sprice sin a bhaint amach. Baineann sé le cúrsaí leighis, cúrsaí teicniúla agus cúrsaí litríochta. Tá an tAire, an Teachta Lawless, tar éis cúrsa nua le haghaidh mhúinteoireacht bunscoile a chur ar fáil ionas go mbeimid in ann daoine le Gaeilge a thabhairt isteach go dtí na poist sin. Mar sin, tá sé an-tábhachtach dúinn. Cé go bhfuil sé tábhachtach, tá dúshláin ann. Táimid dírithe ar na dúshláin sin, agus bím ag obair le mo chomhghleacaithe Rialtais ina leith. Seasann na ceannasaithe Rialtais – An Taoiseach, An Tánaiste agus an tAire Stáit, an Teachta Canney - leis an sprioc sin. Beimid, i ngach cuid den Rialtas, ag obair chun an sprioc 20% a bhaint amach chomh luath agus is féidir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23