Criminal Justice (Terrorist Offences) (Amendment) Bill 2025: Second Stage Seanad Éireann — 2026-06-23 ============================================================ Garret Kelleher (FG), Industrial and Commercial Panel Is mian liom, thar ceann Sheanadóirí Fhine Gael, ár mbuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach tráthnóna chun éisteacht agus labhairt linn mar gheall ar an mBille. Mar atá léirithe ag an Aire Stáit, an Teachta Brophy, ina ráiteas ag tús na díospóireachta, leasaíonn an Bille seo an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta), 2005, a bhí leasaithe cheana ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) (Leasú), 2025. Tá sé mar aidhm ag an mBille lánéifeacht a thabhairt do Threoir Pharlaimint na hEorpa Uimh. 2017/541 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac trí na forálacha sin nach bhfuil tar éis teacht isteach cheana i ndlí na hÉireann, i gcomhréir le hAirteagal 5 do Phrótacal 21 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mar atá ráite ag an Aire Stáit, cruthaíonn an treoir trí choir nua i ndlí na hÉireann, is iad sin, traenáil a fháil don sceimhlitheoireacht, taisteal chun críocha na sceimhlitheoireachta agus taisteal a eagrú nó a éascú chun críocha na sceimhlitheoireachta. Tá na forálacha seo tábhachtach chun tuilleadh cumhachta a thabhairt don Garda Síochána a chuid oibre a dhéanamh níos éifeachtaí i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus chun ár ndlíthe a neartú agus iad a thabhairt i gcomhréir le ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gcomhthéacs Treoir Uimh. 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa a chur i bhfeidhm. Mar sin de, tá muid thar a bheith sásta ár gcuid tacaíochta a thabhairt don Bhille seo tráthnóna. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2026-06-23/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:55:05+00:00 Sitting date: 2026-06-23