Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-01-26 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Gabhaim buíochas leis an Teachta. Táim ag súil leis an bpost nua atá agam ag obair ar son mhuintir na Gaeltachta, na Gaelainne agus freisin mo chuid Ghaeilge a fheabhsú. Faoi réir na socruithe reatha atá i bhfeidhm maidir le ceapadh bhord an údaráis mar a leagtar amach iad faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapann an tAire seachtar comhalta don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ceaptar an cúigear eile de thoradh ainmniúcháin a lorg ó na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu. Is ar bhonn róta a cheaptar comhaltaí i leith na trí chontae Gaeltachta is lú: Corcaigh, Port Láirge, agus an Mhí. Faoin Acht, ní rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí thar tréimhse cúig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile. Ceaptar an seachtar a luaigh mé de thoradh comórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Poiblí, PAS. Sa chaoi seo tugtar an deis don phobal a bheith san áireamh le bheith ceaptha ar an mbord. Ós rud é go ndeachaigh bord reatha Údarás na Gaeltachta, a ceapadh i mí Eanáir 2018 ar feadh téarma cúig bliana, in éag i lár mhí Eanáir, thosaigh an Roinn i mbun na socruithe chun bord nua a cheapadh i mí Dheireadh Fómhair seo caite, tráth a iarradh ar na húdaráis áitiúla ábhartha a gcuid ainmniúcháin don bhord nua a chur chun na Roinne. Fuarthas na hainmniúcháin sin faoi thús mhí na Nollag. Mar gheall ar mhoill nach raibh aon smacht ag mo Roinn air áfach, ní bheidh ar a chumas PAS tús a chur leis an gcomórtas poiblí go dtí tús mhí Feabhra, rud a chiallaíonn nach mbeidh bord iomlán in ann a bheith ceaptha go dtí deireadh mhí Márta nó mar sin. Le dul i ngleic leis an moill seo, tá mo Roinn ag breathnú go gníomhach faoi láthair ar na féidearthachtaí bord a cheapadh ar bhonn eatramhach go dtí go mbeidh bailchríoch curtha ar na socruithe i gcomhar le PAS agus bord in ann a bheith ceaptha faoi réir na gnáthshocruithe a bhaineann leis sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-01-26/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:43+00:00 Sitting date: 2023-01-26