Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-01-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Leis an deis seo, déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as an Aireacht a bhaint amach agus tá súil agam go mbeidh téarma maith aige agus go mbeidh sé go maith don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Ceann de na fadhbanna bunúsacha anseo ná an teip ar PAS. Cén fáth gur theip ar PAS tús a chur leis an gcóras nó leis an mbealach chun na ceapacháin seo a dhéanamh nuair ba chóir? Beidh an bord ag imeacht i mí Eanáir agus ní bheidh bord nua ag tosú díreach i ndiaidh sin le cathaoirleach nua roghnaithe ag an Aire Stáit. An fhadhb atá againn anois ná go gcaithfidh PAS a chuid oibre a dhéanamh agus tógann sé sin roinnt míonna. Cén fáth go bhfuil an moill sin orainne agus nach mbeidh bord nó cathaoirleach ag an údarás ar feadh tréimhse roinnt míonna? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-01-26/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:43+00:00 Sitting date: 2023-01-26