Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-01-26 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County B’fhéidir go mbeidh tréimhse gairid ann nach mbeidh bord ceaptha d’Údarás na Gaeltachta, agus tá sé sin an-tábhachtach, ach tá céimeanna idir lámha ag PAS chun comórtas poiblí i leith an bhoird nua a fhógairt i mí Feabhra. Tá an socrú sealadach seo pléite ag oifigigh na Roinne le feidhmeannaigh ón údarás agus táthar sásta nach gcruthaíonn sé deacracht nach féidir a shárú do cheachtar den dá eagraíocht. Um thráthnóna beidh mé ag buaileadh le mo chuid feidhmeannaigh agus le foireann Údarás na Gaeltachta i nGaillimh. Beimid ag caint faoi na cúrsaí seo agus beidh mé in ann teacht ar ais tar éis an chruinnithe sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-01-26/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:43+00:00 Sitting date: 2023-01-26