Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2023-01-26 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is droch-chás é seo mar tá an t-údarás chomh tábhachtach sin. Is féidir leis an údarás leanúint leis an obair atá ar siúl aige mar tá príomhfheidhmeannach agus foireann maith aige agus is léir sin ón tuarascáil a rinne sé an tseachtain seo caite, áit a chur sé arís leis an líon poist. Tá sé go dona nuair nach bhfuil cathaoirleach ag an údarás chun déanamh cinnte de go bhfuil an straitéis á leanúint. B’fhéidir go mbeidh tréimhse de roinnt míonna ann nach mbeidh bord nó cathaoirleach ann chun déanamh cinnte de go bhfuil an straitéis á leanúint. B'fhéidir go mbeidh an túdarás ag féachaint ar na cinntí ar ghá a dhéanamh mar institiúid nó eagras forbartha, ní hamháin don tionsclaíocht sa Ghaeltacht ach ó thaobh pleanála teanga de chomh maith. Is drochlá é agus is trua sin ach níl a fhios agam fós cén fáth go raibh an fhadhb ann agus cén mhoill a raibh ann maidir le PAS. Níl a fhios agam cén fáth nach raibh PAS tar éis an chórais a chur i gceart chun an ceapachán sin a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-01-26/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:43+00:00 Sitting date: 2023-01-26