Ceisteanna Craolacháin Dail Éireann — 2023-01-26 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Creidim go bhfuil sé tábhachtach ar dtús an taighde a fhoilsiú agus deis a thabhairt d’ Údarás Craolacháin na hÉireann agus, nuair a chuirfear ar bun é, Coimisiún na Meán, machnamh a dhéanamh ar conas gur féidir eolas a dhéanamh d’aon straitéisí ceadúnaithe amach anseo. Seo cuid den chúis go bhfuil a leithéid de thaighde chomh tábhachtach, ní hamháin chun an leibhéal spéise sa tseirbhís seo a mheas ach chun tuairimí daoine faoi aon bhearnaí sa tseirbhís a mheastar atá ann a fháil amach chomh maith. Tá sé i bhfad róluath labhairt faoi cén tseirbhís a d’fhéadfaí a chur ar fáil sa deireadh, cé a sholáthróidh an tseirbhís sin agus conas a mhaoineofar í, ach is féidir féachaint ar cad iad na tacaíochtaí a cheadófaí agus a d’fhéadfaí a bheith oiriúnach. Bheadh ar thacaíocht den chineál seo teacht le rialacha cúnamh stáit. Mar a dúirt mé cheana, más féidir linn an cineál seirbhíse seo a chur i bhfeidhm do dhaoine óga, ba mhaith liom é sin a fheiceáil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-01-26/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:43+00:00 Sitting date: 2023-01-26