Forbairt na Gaeilge Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Naoise Ó Cearúil (FF), Kildare North Gabhaim buíochas leis an Aire. Buíochas leis as an aitheantas sin chomh maith. Tá sé seo an-tábhachtach do na pobail Ghaeilge seo, go háirithe lasmuigh den Ghaeltacht. Ní airgead amháin atá ann. Tuigim go bhfuil airgead i gceist sa chás seo ó thaobh líonra Gaeilge a bhunú ach is rud fíorthábhachtach é an t-aitheantas mar líonra Gaeilge do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go háirithe i gCill Dara ach timpeall na tíre chomh maith in áiteanna cosúil le Maigh Eo agus Baile Átha Cliath. Tá sé feicthe againn cé chomh maith is atá an líonra ag dul i gCluain Dolcáin mar shampla, agus i mbailte eile. Tá na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath chomh maith agus tá a lán eagraíocht eile ar fud fad na tíre. An iarratas dheireanach atá agam ar an Aire ná go n-iarrfadh sé ar an Aire Airgeadais an t-airgead a chur ar leataobh don cháinaisnéis do na líonraí Gaeilge seo - go háirithe i gCill Dara, mar shampla. Go raibh míle maith ag an Aire as an méid oibre atá á dhéanamh aige go dtí seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10