Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Is maith é go bhfuil an teagmháil á brú ar aghaidh ag an Aire. Tá buairt ar phobal na Gaelainne agus ar na heagrais éagsúla. Teastaíonn uathu a chinntiú go mbeidh maoiniú oiriúnach ar fáil do na heagrais ar fud an oileáin ar fad. Tuigim go bhfuil an Rialtas ó Dheas sásta a chuid mhaoiniú a chur ar fáil ach gurb amhlaidh go bhfuil an brú ag teacht ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh agus nach bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag cur a sciar den airgead ar fáil. Is é sin an áit a bhfuil an deacracht. An féidir brú a chur ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh, ar an DUP agus ar Shinn Féin a dhualgais a chomhlíonadh agus tacaíocht a thabhairt don fhoras agus do na heagrais Ghaeilge ar fud an oileáin ar fad? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10