Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis an mbeirt Teachta as sin. Tá sé an-tábhachtach dúinn teacht ar réiteach ach ní bheidh sé éasca. Nílim ag cur an mhilleáin ar aon duine go pearsanta. Tá na hoifigigh i mo Roinn ag obair go crua agus go dícheallach le hoifigigh na Roinne sa Tuaisceart. Tá siad fós ag déanamh na hoibre sin. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh. Tá m'oifigigh ag rá go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh. Táimid ag pleanáil le haghaidh an fhorais don chéad dá bhliain eile. Nílimid ag plé cúrsaí airgeadais amháin ach cúrsaí cothroime freisin. Nílim féin in ann na ratios a athrú. Caithfimid a lán obair a dhéanamh air sin. Taobh amuigh den phróiseas sin, tá ardú mór tugtha d'Fhoras na Gaeilge ó thaobh cúrsaí airgeadais. In 2023, bhí €1.8 milliún ann. In 2025, tá €3.6 milliún ann. Tá an t-airgead sin ag teacht ó Rialtas na hÉireann go dtí an foras le haghaidh na n-eagraíochtaí. Beidh mé ag obair chun airgead breise a fháil sa chéad cháinaisnéis eile toisc go bhfuil sé tábhachtach go gcuidíonn muid agus go seasann muid leis na heagraíochtaí Gaeilge atá ag déanamh sáriarracht i ngach cuid den oileán. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10