Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Gabhaim buíochas leis an Aire. Ar an gcéad dul síos, caithfimid díriú isteach ar riachtanais phobail na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad. Más rud é nach bhfuil an Feidhmeannas ó Thuaidh ag freastal ar phobal na Gaelainne agus ag cur maoiniú cuí ar fáil - chonaiceamar anuraidh an tslí ina bhfuil sé ábalta maoiniú a chur ar fáil - an féidir an córas a athrú gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta? An bhfuil slí eile chun é sin a láimhseáil más rud é nach bhfuil an Feidhmeannas ó Thuaidh in ann freastal ar phobal na Gaelainne? Tá sé fíorthábhachtach gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ach teastaíonn uainn a chinntiú gur féidir freastal ar phobal na Gaelainne ar fud an oileáin ar fad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10