Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2025-07-10 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Bíonn slite eile ann i gcónaí. Táim ag coimeád súil ghéar ar an bhfadhb seo agus tá mo chuid oifigeach ag obair go dian leis na hoifigigh sa Tuaisceart. Comhoibríonn na hoifigigh sin an-mhaith le chéile. Beimid ag coimeád súile air sin. Caithfimid airgead breise a fháil. Táim chun é sin a phlé leis an Aire caiteachais phoiblí, go háirithe i gcomhthéacs an chéad cháinaisnéis eile. Ag an bpointe seo, i lár mhí Iúil, tá na cainteanna fós ar siúl. Leis na cainteanna seo, táimid ag réiteach don chéad dá bhliain eile le haghaidh Fhoras na Gaeilge. Tuigim an bhuairt atá ar na heagraíochtaí éagsúla. Bhíomar go léir ar an ócáid leis an gconradh an tseachtain seo caite. Tuigimid go léir na deiseanna atá ann don teanga má tá airgead breise le fáil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-07-10/debate/main Retrieved: 2026-08-27T06:54:47+00:00 Sitting date: 2025-07-10